Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Dánta nua

le Seán Ó Leocháin

BÉAL DORAIS

Tá sí á ní féin ar maidin –
i gciúnas na maidine cloisim í.
Cloisim an t-uisce ag rith,
é ag titim ina chith
ar a clár éadain, ar a muineál,

ar a cuid gruaige, ar a guaillí,
é ag sileadh le fána ina shruth,
ina chaise ar shliabhraon a brollaigh.
Sínim chuici an tuáille
ach ní thógfaidh sí uaim é –

is dócha nach bhfeiceann sí mé.
Ba bhreá liom a fhios a bheith agam
céard atá ina ceann
nó céard a cheapann sí
ach ní tráth moille é:

ba cheart di deifir a dhéanamh
is moill ar maidin uirthi
má bhí moill riamh uirthi.
Agus ní thiteann mo chodladh arís orm
go ndúnann sí an doras ina diaidh.


SEACHAIN

‘Seachain an bhearna! Seachain an bhearna!’
a chomhairlíonn an cailín beag dom,
gan a fhios aici céard atá sí a rá,
í ag aithris ar an nglór
ag fógairt go hard sa traein,
í in airde ar mo bhaclainn agam
á tabhairt liom amach ar an ardán.
Gan bheith istigh ná amuigh,
in áit nach bhfuil ann ná as,
déanaim mar a mholann sí dom,
cos thall is cos abhus
sa spás idir an dá shaol
ach ag dul díom an bhearna a sheachaint.


OISÍN

Bhí scríob iongan ar mo dhroim ina diaidh
an chéad uair a chodail mé léi –
gach oíche riamh ó shin
cuireann sí na hingne tríom.

Agus ní hé sin amháin é:
tá lorg a cuid fiacla
ar mo leiceann, ar mo liopaí,
ar bhun mo chluaise, ar bhaic mo mhuiníl —

pé racht feirge a thagann uirthi,
pé fuath a líonann í
pé gráin atá i bhfolach inti,
ídíonn sí orm go díograiseach iad.

Ach níl aon leigheas aici air,
níl a fhios aici céard atá sí a dhéanamh,
ní féidir léi í féin a stopadh.
Agus nuair a fheiceann sí di féin

mo shlinneáin is mo ghuaillí
is an damáiste atá déanta aici
pógann sí na créachtaí go cíocrach
sula líonn lena teanga iad.

Tugann sí a hoisín beag orm, a fia beannach,
a damh adharcach, a hainmhí.
Mo léan nár thit mé den chapall
agus mé ag éalú léi.


Feasta, Feabhra 2019

Abhaile | barr | clár na míosa seo