Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - Comórthaí agus Ath-dhóchas - -

Agus sinn fós ag tús na hathbhliana is gnáthnós a bheith ag caitheamh súil ar aghaidh ar an mbliain atá romhainn. Táimid i gceartlár thréimhse imníoch inár saol polaitiúil, gan a lua ach an Breatimeacht a bhfuil dóthain plé déanta air le roinnt míonna: beag an baol leis ná go leanfar ar an bplé sna míonna romhainn. Ach tabhair faoi deara leis go bhfuilimid i dtréimhse thábhachtach comórthaí faoi láthair, de bharr na n-eachtraí tábhachtacha stairiúla a tharla céad bliain ó shin. Níl amhras ná gurbh é chéad teacht le chéile Dháil Éireann i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath ar an 21 Eanáir 1921 ceann d’ócáidí móra ár staire.

Ba bheag gné den teacht le chéile stairiúil sin ba shuntasaí ná an t-aitheantas a tugadh don Ghaelainn. Go deimhin, d’fhéadfaí a rá gurbh í teanga na hócáide í agus conas mar sin nach gcuirfí an cheist: conas ar tharla an bhéim ar an teanga shinseartha ar an ócáid amháin sin, ach nár tharla a leithéid chéanna ó shin, dá mhéid cruinnithe den Dáil a tionóladh in imeacht an chéid atá imithe. Gan dabht bhí flosc agus spiorad na hathbheochana tagtha go buaicphointe, agus go mór ar a n-aigne-sean a bhí páirteach san Éirí Amach, agus anois i mbua mór an Olltoghcháin. Ní raibh aon ní nach raibh ar chumas rialtais dúchais a dhéanamh.

Mar is eol dúinn, ní mar sin a tharla. Tá sé tábhachtach nach ligfí an ócáid chomórtha thart gan machnamh a dhéanamh ar an spleodar a bhain leis an réabhlóid agus an athbheochan a tionscnaíodh i dtús an chéid seo caite, go háirithe i gcás na teanga, ach ag an am céanna go raibh sé le brath nár fíoraíodh an bhrionglóid agus an dóchas a bhí chomh huilechoiteann ag an mórócáid pholaitiúil sin i 1919. Tar éis an Éirí Amach, Cogadh na Saoirse, agus tubaiste an Chogaidh Chathartha bhí mórchuid den bhflosc tráite. Bhí, mar is eol, a lán de na mórphearsana marbh agus filí an Éirí Amach ina dtost.

I mblianta tosaigh an stáit nua cuireadh athbheochan na Gaelainne mar chúram ar an Roinn Oideachais. Bhain polaiteoirí sa Dáil agus sa Seanad úsáid as téarmaí mar ‘cathaoirleach’ agus ‘tá’ agus ‘níl’. Go luath i seachtóidí an chéid seo caite, thuig na státseirbhísigh gur cur i gcéill a bhí i gceist ag na polaiteoirí, agus is beag brú a thóg sé deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge.

Ach in ainneoin cur i gcéill i gcás rialtais agus neamhaird náireach na státseirbhíseach, conas nach gcuirfí san áireamh leis an dul chun cinn atá déanta ag an teanga i saol na tíre sa tréimhse sin ó tionóladh an chéad Dáil, ná an t-ardmheas a thuilleann sí i súile an phobail. Agus cé déarfadh ná leanfaidh polaiteoirí ár linne féin ar an treo a leag teachtaí na Chéad Dála síos céad bliain ó shin, nó nach mbeadh tuiscint acu ar an tábhacht a bhaineann lenár dteanga dhúchais inár saol sa chéad bliain atá romhainn.

Feasta, Feabhra 2019

Abhaile | barr | clár na míosa seo