Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Tábhacht na Náisiún Aontaithe

le Seán Ó Loingsigh


Mar is eol don saol is é an Breatimeacht cnámh mór spairne ár linne, agus é sin amhlaidh níos mó inár gcásna anseo ar oileán iathghlas na hÉireann ná mar atá i gcás aon bhallstáit eile den Aontas Eorpach. Ach de bharr go bhfuil an mórshocrú aistarraingte fós á phlé sa pharlaimint i Westminster agus seo á scríobh, agus gur baolach go mbeidh brú ama i gceist sula mbíonn a gcinneadh déanta ag baill achrannacha na hinstitiúide sin, fillfimid ar an mBreatimeacht a luaithe a bhíonn an cinneadh cinniúnach sin ar ár n-eolas.

Anseo sa bhaile tá an Taoiseach fillte abhaile ón Afraic tar éis cuairt a thabhairt ar an dornán dár saighdiúirí atá ar diúité i Mailí agus san Aetóip. Ní héasca a rá céard a bhíonn ar chumas gasra chomh beag a dhéanamh, ach go mb’fhéidir gur mó baint atá ag an turas leis an stocaireacht atá ar bun ag an rialtas anseo faoi láthair ar shuíochán a bhaint amach ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Tugann turas an Taoisigh chun na hAfraice chun cuimhne eachtra eile ansin i seascaidí an chéid seo caite ina raibh ról ag arm na tíre seo faoi bhratach na Náisiún Aontaithe, agus ina raibh go leor uisce faoi thalamh i gceist ag na mórchumhachtaí, ag na Stáit Aontaithe, an Rúis agus an Bhreatain go háirithe.

Bhí cogadh tar éis briseadh amach sa Chongó, ag a raibh saoirse bainte amach ón mBeilg, idir fórsaí na tíre sin faoi Patrice Lumumba agus an cúige Katanga faoi cheannas Moise Tshombe. Níl amhras ná gur sa Chongó ba mhó a bhí saighdiúirí na tíre seo gafa go díreach, i gcogaíocht thar cheann na Náisiún Aontaithe. Ba le linn an chogaidh chéanna a maraíodh Dag Hammarskjöld, Ard-Rúnaí na heagraíochta sin ag an am, i dtimpiste eitleáin, mar a síleadh a bhí i gceist.

Creid nó ná creid tá fiosrú ar siúl fós faoin eachtra sin. Tá mór-amhras ann le fada an timpiste a bhí ann i ndáiríre, agus nárbh amhlaidh a ionsaíodh an t-eitleán agus gur tugadh go talamh é d’aonturas. Is cosúil leis go raibh níos mó eolais ag foinsí oifigiúla i Washington agus i Londain ná mar a bhí ar fáil ag an bpobal. Mar a dúradh, táthar fós ag fiosrú an scéil seo. Is féidir nach mbeadh aon ródheithneas ag foilsiú toradh an fhiosraithe sin.

Is fíor go bhfuil meath tagtha ar thábhacht agus ar ghradam na Náisiún Aontaithe ó tharla na heachtraí corraitheacha sin, pé an le leas nó le haimhleas an phobail é. Is fíor leis go raibh deacrachtaí agus fadhbanna i gceist go háirithe le héifeacht agus le neamhspleáchas na Comhairle Slándála, ach thar aon ní eile is mór-fhadhb é an ceart crosta atá ag an Rúis, na Stáit Aontaithe, an tSín, an Bhreatain agus an Fhrainc go bpléifí rúin shubstaintiúla. Mar thoradh ar an gcead sin, is minic nach mbíonn ar chumas na Comhairle dul i ngleic le mór-fhadhbanna, fiú amháin i gcásanna éigeandála.

Tá sé le tabhairt faoi ndeara le tamall nach bhfuil Ard-Rúnaithe den chaighdeán ard céanna á gceapadh anois mar a bhíodh tráth, pé an d’aonturas a tharla sé sin nó nach ea. Luadh Dag Hammarskjöld níos luaithe, ach d’fhéadfaí daoine mar Kofi Annan, U Thant agus Trygve Lie a lua freisin. B’fhéidir go raibh cuid díobhsan ró-éifeachtach agus ródhaingean i súilibh lucht ceannais na mórchumhacht. Ach ba bheag ab fhiú a n-imní siúd: ba léir i gcónaí an riachtanas a bhain le heagraíocht mar na Náisiúin Aontaithe, ní hamháin chun an t-síocháin idir náisiúin a bhuanú i gcoitinne, ach freisin go mbeadh sé mar fhóram idirghabhála agus réitigh, nuair a bheadh coimhlintí agus aighnis idirnáisiúnta sonracha i gceist, agus pé acu an raibh sé ina throid cheana féin nó é fós ina bagairt.

Bhí an riachtanas seo níos soiléire ná riamh i bhfianaise an dá chogadh domhanda tubaisteacha a troideadh i gcéad leath an chéid seo caite, an scrios a bhain leosan, agus thar aon ní, uimhir thar cuimse na marbh. Ní féidir gan a chur leis sin an t-uafás ar leith a bhain leis na buamaí adamhacha a thit ar Hiroshima agus Nagasaki i ndeireadh an Dara Cogadh. Conas a ligfí i ndearmad iadsan! Tá tábhacht agus riachtanas na Náisiún Aontaithe follasach, agus is cinnte gur ábhar imní é aon laghdú a bheadh i gceist ar a réimse dualgas, nó aon díleá a dhéanfaí ar a éifeachtúlacht. Nár thrua leis nach mbeadh de bhonn le haon teorannú dá leithéid ach móiréis, nó leithleas cheannairí na mórnáisiún.

I dtaca le turas an Taoisigh, beidh go leor a déarfaidh go bhfuil fadhbanna níos tromchúisí le fuascailt faoi láthair ná suíochán a bhaint amach ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus fiú nach mbaineann an tábhacht chéanna anois leis an eagraíocht, agus gur fann é a ghuth seachas mar a bhíodh. Fós féin b’olc an lá dúinn faillí a dhéanamh ann i ndóchas gur fearr arís a thuigfear, go háirithe i measc na mórchumhachtaí, an riachtanas agus tairbhe a bhaineann leis mar eagraíocht. Cuimhnítear leis ar an dea-obair a dheineann fo-eagraíochtaí na Náisiún Aontaithe ag teacht i gcabhair ar dhaoine agus ar phobail a bhíonn ina ghátar, de bharr plánna, nó gorta, nó tubaistí den uile chineál.

Ag trácht ar thubaistí caithfimid, gan amhras, filleadh arís ar an mBreatimeacht agus na cora is déanaí sa scéal achrannach sin. Beag an baol gur aon fheabhas atá air mar scéal, ach é ag dul ó dhona go tubaisteach. Sa deireadh dhiúltaigh an pharlaimint i Westminster don socrú aistarraingte a d’aontaigh an príomhaire May leis an Aontas Eorpach, agus is maith an té a déarfadh cad é an chéad chéim eile. Táimid dall, is cosúil, mar atá na polaiteoirí i Londain, cá gcasfar anois, nó an bhfuil Plean B i gceist, nó síneadh ama le hiarraidh, nó an mbeidh an dara reifreann le tionól, nó olltoghchán, nó níos measa ná aon cheann díobhsan i gcás na tíre seo, go bhfágfadh an Bhreatain an AE gan teacht ar aon réiteach. Cé go bhfuiltear ag druidim leis an spriocdháta i ndeireadh Márta nuair a bheidh an Bhreatain ag fágaint, níl fós aon teorainn le míchumas agus le míthreoir na bpolaiteoirí ansin.

Ní féidir gan tagairt arís anois don neamhshuim iomlán i gcás na Breataine sa droch-chor don tír seo a bhaineann leis an mBreatimeacht, agus é go mór níos tromchúisí inár gcásna ná mar atá i gcás aon tír eile san Aontas. Luadh cheana Socrú Aoine an Chéasta agus an damáiste follasach atá déanta dó sin. Luadh freisin a raibh le rá ag Príomh-Chonstábla an PSNI faoin gceist chéanna. Deineadh spior spear díobh. Ní raibh i gceist leo, a dúirt an DUP linn, ach scéalta scaoill. Anois deirtear linn go bhfuil míle póilín á dtraenáil i Sasana agus in Albain, i dtreo go mbeadh siad réidh le haistriú go dtí an teorainn dá mbeadh aon bhagairt ansin don tsíocháin. Chuir Mícheál Ó Máirtín ceist sa Dáil faoi phleananna a bhí á réiteach ag ár rialtas féin don teorainn dá mbeadh coscanna ansin, ach go raibh siad, dar leis, á gcoinneáil faoi rún, ar an mbonn, b’fhéidir, go nglacfadh an pobal scanradh, dá mbeadh an t-eolas acu.

Táimid, gan amhras, ag tagairt don chúlstop agus don iarracht leanúnach atá ar siúl, faoi láthair, ag an rialtas i Londain go gcuirfí deireadh ar fad leis. Is cuid bhunúsach den iarracht seo nach bhfuil aon riachtanas leis an gcúlstop chun bacanna agus moill ar an teorainn a sheachaint mar thoradh ar an mBreatimeacht, bíodh nach bhfuil ar a gcumas aon mhíniú a thabhairt dúinn conas a fhéadfadh sé sin tarlú, seachas tagairtí éiginnte a dhéanamh d’éifeachtúlacht na teicneolaíochta nua-aimseartha. Dar leis an rialtas ansin, dá gcuirtí deireadh ar fad leis an gcúlstop bheadh fadhb an Bhreatimeachta réitithe faoi mhaidin.

Bíodh go raibh socrú aistarraingte, ar choinníoll sonrach ann an cúlstop, aontaithe agus sínithe, tá siad fós ag stocaireacht i measc bhallstáit an Aontais go gcuirfí teorainn ama leis, nó go gcuirfi ó mhaith é ar chuma éigin. Le déanaí féin is eol dúinn go raibh an príomhaire May ag tathant ar Angela Merkel faoin ábhar seo, ar an mbonn, gan amhras, dá ngéillfeadh sí siúd dá héileamh go mbeadh sé níos éasca dul i bhfeidhm ar bhallstáit eile. Is eol dúinne go bhfuil an cúlstop bunaithe go huile ar an tábhacht agus an riachtanas atá le Comhaontú Aoine an Chéasta, agus ar an riachtanas a bhaineann leis an gcúlstop i gcás na teorann.

Is cuid eile den scéal an sotal agus an beagmheas sa Bhreatain, i measc an aicme rialaithe i Londain go háirithe, ar chearta dlisteanacha agus ábhair spéise ar leith na tíre seo. Is cinnte go gcaithfí síocháin a áireamh i measc na n-ábhar spéise san, ar an oileán agus ar an teorainn. Ní ró-ghoilliúnacht atá i gceist sa chás seo ach taithí shearbh na staire. Go deimhin tá scáth na staire go mór i gceist san eachtra seo. B’ábhar maoite agus sásaimh an dea-chaidreamh a bhí bunaithe idir an dá oileán agus go deimhin ar an oileán féin, Tuaisceart agus Deisceart, agus go raibh faltanais stairiúla á gcur ar leataobh. Tá an sotal agus an beagmheas míchuí, go háirithe ó aicme polaiteoirí a bhfuil a gcumas agus n-éifeachtúlacht féin i gceist faoi láthair, agus go deimhin ina ábhar iontais go hidirnáisiúnta. Agus céard atá ar bun ag páirtí an Lucht Oibre, agus ag a gceannaire rúnmhar, Jeremy Corbin, nuair atá an oiread sin ag brath air.

Feasta, Feabhra 2019

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais