Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Naisc |
![]() Iris liteartha is ea Feasta a bhunaigh Conradh na Gaeilge tríd an gcomhlacht foilsitheoireachta, Clódhanna Teoranta, i 1948. Foilsitear Feasta gach mí. Maireann Feasta chun an saol a phlé trí mheán na Gaeilge - litríocht, eolaíocht, polaitíocht. Is mó aidhm atá againn: an ghearrscéalaíocht a chothú; ardán a chur ar fáil d'fhilí na Gaeilge; scríbhneoirí óga a aimsiú agus a meanma a chothú; scoláirí dara leibhéal agus mic léinn tríú leibhéal a thabhairt i dtreo na scríbhneoireachta Gaeilge; tábhacht na teanga scríofa a áiteamh ar eagraíochtaí Gaeilge; ceardlanna scríbhneoireachta Gaeilge a chothú, agus teagmháil a fhorbairt idir Feasta agus ealaíontóirí súl. Ní miste linn ach oiread scríbhneoirí a aimsiú le seirbhís léirmheastóireachta a sholáthar, i gcás na leabhar Gaeilge atá ag dul i gcló ach go háirithe. Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir |